Mean Fómhair 2023

A Phríomhoide, a chara,

Is minic a bhíonn tuismitheoirí ag ceannach na fóin póca is déanaí dá bpáistí gan scagaire ábhar cuí d’ábhair na suíomhanna idirlín a shocrú ar mhaithe le ríomhshámháltacht/ sámháilteacht ar líne.

Tugaim teaspeántaisí praiticiúla ar conas bogearraí a úsáid chun bloc a chur ar shuíomhanna pornagrafaíochta agus conas páistí a choimeád slán ar líne.Cuirim i gcuimhne do thuismitheoirí, más dóigh leo go bhfuil a bpáistí ag fulaingt de bharr bulaíocht ar líne, lasmuigh de uaireanta na scoile, go bhfuil bealaí simplí dlíthiúla ann chun dul i ngleic leis an bhfadhb.Déanaim scagadh ar na réimsí leathan bogearraí ar féidir deileáil le sábháilteacht ar líne.

Cuirim taispeántaisí i láthair faoi Cibirchiapadh agus ar Shábháilteacht ar Líne  do ghrúpaí ar nós daltaí scoile,muinteoirí, boird banaistíochtaí, agus grúpaí pobal. Bainim leas as léiriú Power Point ar an taighde is déanaí maidir leis an bhfadhb seo.

Gheobhaidh na rannpháirteach dlúthdhiosca CD-Rom le hacmhainní cuí air. Mairfidh an cur i láthair uair a chloig agus beidh deisannna ann do cheisteanna agus freagraí.

Is iad na príomhphointí a phléfar ná:

  • An dlí agus an idirlíon agus ar Shábháilteacht ar Líne.
  • Céimeanna dhlithiúla ar féidir a thógáil chun dul i ngleic le Cibirchiapadh ar líne.
  • Láithreáin Líonraithe Shóisialta, SnapChat, Tik Tok, Instagram, agus Facebook ina measc.
  • Conas monatóireacht a dhéanamh ar an ríomhaire baile, ríomhaire glúine, ar an bhfón póca ag baint úsáide as réimse leathan bogearraí, Mobicip agus Mobiflock (Mobile Guardian) ina measc.
  • Fadhbanna ag baint le leithéidí Snapchat, Instagram, TIK-TOK, consóil cluichí, Viber agus WhatsApp.
  • Conas páistí a chur ar an eolas maidir le ciníochas, homafóibe, síolteagasc  agus mealltóireacht idirlín.
  • Cuir chuige ciallmhar chun páistí a choimeád slán fad is atá siad ar líne. Tá taithí de bhlianta caite agam a bheith ag plé leis an ábhar seo i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.Bhí mé i mo Chomhairleoir Teicneolaíochta Fasinéise Cumarsáide san Ionad na Múinteoirí Phort Láirge, agus chaith mé ceithre bliana déag ag múineadh i gcathair Londain. I measc na cáillíochtaí acadúla atá agam, tá: céim BA, Ard Dioplóma san Oideachas, Dioplóma Iar-chéime sa Teicneolaíocht Faisnéise Cumarsáide (ICT) san Oideachas chomh maith le MA san Oideachas. Táim cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta (clarú iomlán) give number, agus tá an Ghrinnfhiosrú an Gharda Síochána faighte agam (uimhir 160158.)


Is féidir teagmháil a dhéanamh le bainistíochtaí na scoileanna ar thug mé na taispeántaisí ar ríomhshábháilteacht dóibh chun meastóireacht rúnda a fháil orm.

Iar Bhunscoileanna:
Pobailscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Ciarraí.
Príomhoide: Pádraig Firtéar. Fón: 066-915055.

Bunscoileanna:
Scoil na Leanaí, An Rinn, Co. Phort Láirge.
Príomhoide: Eibhlín Nic Philip. Fón: 058-46212.


Gaelscoil Uí Drisceoil, Co. Cork.
Priomhoide: Siobhán Ní Chathain. Fón: 021-5003301

S.N. na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge.
Príomhoide: Aodh Mac Craith. Fón: 058-46372

Scoil Gharbháin, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.
Príomhoide: Silvia Uí Sheanlaoíoch. Fón: 058-42173.

Gaelscoil Choráin, Eochaill, Co. Corcaigh.
Príomhoide: Catríona Ní Riada. Fón: 024-93547.

Scoil Uí Ghramhnaigh, Rath Chairn, Athbhuí, Co. na Mí.
Príomhoide: Maireád Ní Cheallaigh. Tel: 046-9432837.

Gaelscoil na nDéise,Co. Phort Láirge.
Príomhoide: Marc de Grás. Tel:051-843222.